top of page
Search

Drumaí an Chroí.

Má tá drumaí ag bualadh i do chroí,

Bhuel, an rud a chaithfidh tú a dhéanamh,

Níl ort ach tosú,

Leanann an saol ar aghaidh cibé slí a roghnaíonn tú,

Ní féidir le duine ar bith athrú a dhéanamh ar an rud atá ionat,

Ach is féidir leo siúd a mbuaileann tú leo,

Athrú a dhéanamh ort chun bheith ina dhuine níos fearr,

Mar sin ná faigh fuarchos,

Táim cinnte de seo,

Ná smaoinigh ar do chlocha casta mar chlocha casta,

Mar beidh tú díreach cosúil leo,

Fillfidh na drumaí ar ais go dtí an áit as a dtáinig tú.


Le: Ethan Mc Closkey

 

Comments


bottom of page